Gaelscoil Uí Fhiaich
Cothrom na Féinne

Díolachán na gCístí 2019

26-Feabhra-19
Díolachán na gCístí 2019

Bhí díolachán na gcístí againn sa scoil ar an Aoine 15ú Feabhra.

Bhí cácaí álainn blasta ann ar díol! Chuaigh gach rang ann agus cheannaigh na páistí rudaí deasa don lón.

Bhí cácaí seacláide, pancóga, toirtín úll, arán banana, borróga álainn daite agus i bhfad níos mó ann! Bhí caifé ann do na tuismitheoirí freisin. Bhain siad an-taitneamh as! Shuigh siad le chéile ag caint is ag ól caifé agus tae!

Bhí comórtas ann freisin, cad is ainm don teidí mór? Cé mhéad mirlíní sa phróca?

Bhailigh na tuismitheoirí ó Choiste na dtuistí airgead ar son na scoile, míle buíochas daoibh as ucht an sár obair i gcónaí.

Enquire
 
 
 
Contact
GaelScoil uí Fhiaich
Bóthar Chill Droichid
Maigh Nuad
Co. Chill Dara

01 629 0667

Location
© 2019 Gaelscoil Uí Fhiaich