
Is Gaelscoil í Gaelscoil Uí Fhiaich agus is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Múineann na múinteoirí gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus múintear ceacht amháin Béarla gach lá (seachas Naíonáin Shóisir).
Tá polasaí Tumoideachais sa scoil dá bhrí sin ní mhúintear aon Bhéarla i Naíonáin Shóisir.
Labhraíonn na páistí Gaeilge ar scoil gach aon lá; sa seomra ranga, amuigh sa chlós, ag teacht agus ag imeacht ón scoil, agus ag imeachtaí uile scoile.
Is í an Ghaeilge an chéad teanga agus teanga cumarsáide na scoile. Iarrtar ar thuismitheoirí pé Gaeilge atá acu a úsáid ar láthair na scoile.
