Ionadaithe Comhairle Scoile 2022-23
Céard é an Comhairle Scoile?
Tá struchtúr ionadaíoch ar ár gComhairle Scoile trínar féidir le páistí a bheith páirteach i ngnóthaí na scoile, agus iad ag obair go rannpháirteach le bainistíocht, foireann, tuismitheoirí na scoile agus na mic léinn chun leasa na scoile a bhaint amach
Tugann an Comhairle Scoile deis do pháistí scileanna cumarsáide, pleanála agus eagrúcháin a bhreith leo a rachaidh chun leasa dóibh ina saol amach anseo. Tugann sé seans dóibh bheith freagrach as tionscadail agus tionscadail a chruthú: go bhfuil siad in ann tionscadail dá leithéid a láimhseáil agus a thabhairt chun críche go héifeachtach
Bíonn toghachán ranga ann ag tús gach bliain i Mí Meán Fómhair chun na h-ionadaí nua a roghnú. Bíonn deis ag gach páiste ó Rang 1- Rang 6 páirt a ghlacadh sa toghachán.
Bíonn cruinnithe againn gach coicís ag am lón mór.
Na tionscnamh atá déanta againn & na himeachtaí a bhíonn ar siúl againn:
Cuirtear Nuachtlitir scoile le chéile gach téarma. Scríobhann na páistí alt faoi nuacht na scoile, na himeachtaí a bhíonn ar siúl againn agus bíonn comórtas ealaíne ann freisin.
Déanann muid crann Nollag gach bliain. Faigheann gach páiste crann beag le mhaisiú lena ngriangraif féin agus crochann muid sa halla é. Cuireann muid an réalt ar an gcrann ag an tionóil deireanach roimh laethanta saoire na Nollag.
Thugamar cabhair don Choiste Glas an triú bhrat glas a bhaint amach don scoil. Bhíomar ag taifead an méid uisce a d’usáidtear ar scoil gach lá.
Chruthaigh muid liosta de na hearraí (agus a bpraghasanna) atá ar fáil i siopa na scoile. Tá siad crochta i ngach seomra ranga anois.
Bíonn go leor gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar siúl ag an gComhairle scoile i rith na bliana . Bhailíomar airgead ar son Focus Ireland díreach roimh an Nollag le dhá bhliain anuas.Rinneamar Rás na Lacha trí bhliain ó shin agus d’éirigh linn sé bhinse a fháil déanta don chlós.
Nuachtlitir an Comhairle Scoile
Nuachtlitir Gaelguf Samhradh 2021